|


Rith - As Gaeilge - Léim Síos, Léim Aníos
Tá an rogha Léim Síos Léim Aníos do dhaoine nach féidir leo a bheith ceangailte le dátaí an turais is faide nó do dhaoine ag iarraidh éirí gafa ar feadh lae nó dhó ag teacht isteach ag an bpointe ar an gcúrsa a fheileann is mó dóibh. Is féidir leat teacht isteach ag aon phointe i rith na féile iomláine agus fanacht linn ar feadh a mhéid, nó a luaithe, oíche agus gur mhaith libh.
Nóta: Cuir scéal chugainn roimh ré cén chiliméadar gur mhaith leat rith leis an mbaitín i do láimh nuair atá tú ag cur áit in áirithe linn ionas gur féidir linn seo a eagrú duit i gcomhar le Rith. Faigh an bus ar fad ag rith le chéile trí bhaile éigin nó aon chuid den tír gur mhaith leat!
Aon dáta:Leis an rogha sholúbtha seo, is féidir leat teacht leis an mbus ‘Rith’ agus taisteal linn chuig na háiteanna gur mhaith leat féin! Beidh rochtain agat ar na himeachtaí tráthnóna ar fad a bheidh á reáchtáil ag Rith. Má tá tú ag leanúint cúrsa ‘Rith’, beimid in ann tú a phiocadh suas ag aon cheann de na háiteanna ag a mbeimid ag fanacht thar oíche. Déan teagmháil inn faoi phraghsanna don rogha seo mar beidh sé ag braith arc é mhéad lá a chaitheann tú linn.
Ceaptar gurb í seo an rogha idéalach do mhuintir na hÉireann gur mhaith leo teacht linn ar feadh cúpla lá chun snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Beimid ag déanamh ár ndícheall chun daoine a spreagadh le cúpla focal a fhoghlaim fad is a théimid timpeall na tíre, is cuma más Éireannach nó eachtrannach tú! Más Éireannach tú, beidh tú in ann do Ghaeilge a chleachtadh le cainteoirí Gaeilge eile. Is deis iontach í do gach duine feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge in atmaisféar neamhfhoirmeálta agus cairdiúil!
|