banner slide
Extreme Ireland tours of Ireland about Extreme Ireland Walking Holidays in Ireland Adventure activities in Ireland hiking tours of Ireland Corporate Educational Testimonials FAQs about Irish Holidays Gallery of Irish walking holiday ../images contact Extreme Ireland holidays in Ireland
gap
swirls
gap

tours titlerith2010 title english gaeilge

rith
rith 10 La walking tours of Ireland 7 La adventure holidays in Ireland 5 La adventure holidays in Ireland 3 La adventure holidays in Ireland Léim Síos, Léim Aníos

Rogha 10 Lá: 9 - 18 Márta

Seo an pacáiste iomlán do dhaoine ag iarraidh an eachtra iontach seo a leanúint ón tús i mBéal Feirste agus an tslí ar fad go Gaillimh. Beimid ag leanúint turas an bhaitín shealaíochta chomh maith agus is féidir linn, ach ag tógaint malairtí slí ón mbóthar aon uair go mbeidh suíomhanna stairiúla agus spéisiúla faoi leith le feiceáil. Is turas an-cuimsitheach é seo agus má tá aon áit ar an tslí ina bhfuil spéis faoi leith agat, déanfaimid ár seacht ndícheall tú a thabhairt ann.

Lá 1: Tosóidh tú i mBaile Átha Cliath ar mhaidin an 9ú agus raghaimid go Béal Feirste, áit a mbeimid do thús na féile an oíche sin. Is féidir leat tosú i mBéal Feirste freisin má tá tú ag eitilt isteach go Béal Feirste seachas Baile Átha Cliath. I mBéal Feirste, tógfaimid tríd an gcathair sibh ar thuras a thabharfaidh léargas duit ar an dá chultúr a mhaireann taobh le taobh sa chathair iontach seo. Tógfaimid sibh go dtí an balla síochána, an ceantar náisiúnach ar Bhóthar na bhFál agus eastáit na nDílseoirí i gceantar na Seanchille. Feicfidh tú an áit ar tógadh an long Titanic. Táthar ag déanamh athghiniúna ar an gceantar anois agus beidh cuimhneachán ann don long cáiliúil seo! Bhíodh t-léine á dhíol i mBéal Feirste le pictiúr den long agus an mana “Bhí sé go breá nuair a d’fhág sé an áit seo!” Fáilte chuig acmhainn grinn an tuaiscirt!

Téigh go Halla na Cathrach agus b’fhéidir bain triail as an macasamhail den London’s Eye do Bhéal Feirste! An tráthnóna sin, gheobhaimid dinnéar sa teach tabhairne cáiliúil Crown Pub agus éisteoimid le ceol traidisiúnta sula raghaimid go tús na féile agus an chéad chuid den rith.

Lá 2: Fágfaimid Béal Feirste ag taisteal ó dheas agus bualfaimid leis an mBaitín an oíche sin sa cheantar Gaeltachta, Ráth Cairn, i gContae na Mí. Inniu, tabharfaimid cuairt ar chuid de na suíomhanna stairiúla is cáiliúla in Éirinn. Ag uaigh Naomh Pádraig i nDún Phádraig, cloisfidh tú scéal ár naoimh náisiúnta. Raghaimid ó dheas trí bhaile an Chaisleáin Nua, áit a mbuaileann na sléibhte leis an bhfarraige, ar aghaidh chuig Cairlinn, sráidbhaile bheag álainn, le haghaidh lóin. I ndiaidh lóin, beimid ag dul ar cuairt ar Mhainistir Bhuithe agus an dolmain mheigiliteach ar a chodail Diarmuid ó na finscéalta nuair a bhí sé ag teitheadh ó Fhionn Mac Cumhail. Iarrtar ort cloch a chaitheamh ar barr na dolmaine agus mura dtiteann sé ón mbarr, deirtear go n-aimseoidh tú do bhuanghrá an bhliain sin. Um thráthnóna, raghaimmid go dtí an baile stairiúil, Droichead Átha, agus chuig Séipéal Naomh Peadar, áit a bhfuil ceann an naoimh Oilibhéar Pluincéad coimeádta.

Éist le canúint cháiliúil Dhroichead Átha agus buail le muintir an bhaile seo. An oíche seo, beimid ag fanacht i sráidbhaile darb ainm Ráth Cairn, ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha an phobail. Beidh oíche shiamsaíochta curtha ar siúl ag muintir na háite dúinn.

Lá 3: Beimid ag dul go dtí an láithreán oidhreachta, Brú na Bóinne, agus déanfaimid turas timpeall an tsuímh adhlactha seo. I mBrú na Bóinne agus Cnóbha, foghlaimeoidh tú conas a bhí tuiscint dhoimhin ag muintir na hÉireann ar an réalteolaíocht agus ar an tseandálaíocht 5 míle bliain ó shin. Raghaimid ar shiúlóid timpeall shuíomh Chath na Bóinne i 1690, cath a d’athraigh treo ár dtíre go deo agus ag a raibh tionchar le feiceáil timpeall na hEorpa ar fad. Sula dtéimid go Baile Átha Cliath, siúlfaimid suas Cnoc na Teamhrach, áit a bhíodh Ardrithe na hÉireann suite agus corónaithe. Sroichfimid Baile Átha Cliath sa tráthnóna agus beidh deis againn Páirc an Fhionnuisce a fheiceáil ar an mbealach agus áit chónaithe Uachtarán na hÉireann. Caithfimid an oíche i lár na cathrach ag baint taitneamh as an bhféile inár bpríomhchathair. Mura raibh tú i mBaile Átha Cliath cheana, eagróimid turas siúil tríd an gceathrú meánaoiseach duit. Is cathair iontach í Baile Átha Cliath agus ní leor lá amháin chun gach rud a fheiceáil, mar sin má tá am agat ag deireadh do thurais, caith lá breise anseo agus téigh chuig na gailearaithe, músaeim, an mhonarcha Guinness nó an Drioglann Jameson chun tú a choimeád te.

Lá 4: Tar éis oíche mhaith i mBaile Átha Cliath, tá seans go mbeidh cúpla ceann tinn ann, mar sin tógfaimid go réidh é le turas trí Chill Mhantáin (Gairdín na hÉireann) fad is atá an Baitín ag dul trí lár tíre. Siúlfaimid timpeall Ghleann Dá Loch roimh dhul thar Bhearna Chill Mhantáin agus ag stopadh ag ráth na bpíobairí ar an tslí go Cill Chainnigh. Beidh deis againn ceachtanna iománaíochta a fháil ar pháirc CLG toisc gur contae an-láidir é Cill Chainnigh ag an iománaíocht, leis an 4 chraobh is déanaí buaite acu. Cabhróidh do threoraí le do scileanna iománaíochta féin a fhorbairt agus faoi dheireadh an lae, tá súil againn go mbeidh tú féin ag imirt go héasca le do chamán agus sliotar! Stopfaimid ag Dolmain de Brún ar an tslí, leis an liag mhullaigh is troime in Éirinn, roimh bhualadh leis an mBaitín arís ag Caisleán Chill Chainnigh. Bhí am ann go raibh an chathair seo mar phríomhchathair na hÉireann agus tá na tréithe ar fad aici a bhaineann le cathracha Normánacha, lena caisleán mór a bhí uair amháin ag an gclann Normánach, na Buitléaraigh. Bain triail as leann Chill Chainnigh agus bíodh pionta agat i Kytler’s. Téigh tríd an gcathair mheánaoiseach seo agus buail isteach ar Ardeaglais Naomh Chainnigh. Arís, beidh cóisir shráide eile ar siúl chun tú a choimeád ag damhsa an oíche sin!

Lá 5: Beidh deis eile againn rith leis an mBaitín inniu agus muid ar an mbóthar go Port Láirge agus ar aghaidh go Corcaigh. Raghaimid trí Shléibhte an Chomaraigh, mar sin más maith leat cnocadóireacht, seo an lá len é a dhéanamh. Ó Phort Láirge, raghaimid cois farraige chuig an mbaile beag Dún Garbhán agus ar aghaidh chuig Gaeltacht Phort Láirge, An Rinn, agus cathair Chorcaí. Sa tráthnóna, beidh turas againn go dtí Caisleán Bhlarna ag a bhfuil clú agus cáil agus pógfaidh tú an charraig chun bua na cainte a fháil, rud atá ag na hÉireannaigh ar fad dar ndóigh! Inseoimid scéal Charraig Bhlarna daoibh agus cén fáth go gcreideann muintir na cathrach gurb í fíor-phríomhchathair na hÉireann í! Beidh tú meallta ag an gcontae seo agus canúint a dhaoine! Sa chathair seo, gheobhaidh tú cóisir iontach eile tríd an oíche!

Lá 6: Ar ais ar an Extreme Bus arís le do chairde agus faoin am seo beidh ar a laghad cúpla focal Gaeilge agaibh ar fad. Beidh tú faoi scrúdú agus beidh pointí bónais le fáil. Tá súil againn nach mbeidh canúint Chorcaí faighte agat cheana féin ón oíche roimhe!

Ar an mbus, beimid ag spreagadh daoine chun cúpla focal Gaeilge a úsáid sa chomhrá ar fad agus nuair a théimid ó bhaile go baile, míneoimid daoibh brí na logainmneacha. Inseoidh ainm gach baile in Éirinn rud éigin duit faoin gceantar, bíodh sé ina shuíomh reiligiúnda, iontas tíreolaíochta nó áit thábhachtach ó thaobh staire de. Is trua nach léiríonn na leaganacha Béarla an bhrí chéanna leis na logainmneacha Gaeilge.

Tógfaimid sibh ar chuig de Chuaird Chiarraí agus tabharfaimid cuairt ar Chill Áirne. Beidh deis agat dul ar chapall agus carr timpeall na Páirce Náisiúnta agus éisteacht le scéalta na jarvies a thiománfaidh tú. Tá fianna fhiána sa Pháirc seo agus tá cáil uirthi mar cheann de na háiteanna is deise in Éirinn. I ndiaidh Chill Áirne, raghaimid ar cuairt ar an tsráidbhaile álainn, Áth Dara, roimh dhul isteach go dtí an chathair Lochlannach, Luimneach. Feicfidh tú Caisleán Luimní agus cloch an chonartha. Caith beagáinín ama timpeall na cathrach agus feicfidh tú gur cathair bheomhar í le ceol traidisiúnta agus scéalaíocht le fáil inti. Taispeánfaidh do threoraí na háiteanna is fearr le dul chucu!

Lá 7: Ná dún do shúile inniu mar caillfidh tú amach ar cheann d’iontais nua an domhain; Aillte an Mhóthair. Fágfaimid cathair Luimní agus tabharfar deis daoibh rith leis an mBaitín arís inniu. Raghaimid thar Chaisleán Bhun Raite, áit a n-eagraítear féastaí meánaoiseacha agus a ndéantar fíon as mil, darb ainm “mead”. Leanfaimid linn ag dul trí Inis agus Inis Díomáin, áit a mbíonn ceachtanna ceoil traidisiúnta le fáil ar feadh seachtaine iomláine sa samhradh. Go luath i ndiaidh sin, gheobhaimid ár gcéad radharc de chósta an Atlantaigh agus stopfaimid ag an mbaile surfála, An Leacht. Is féidir leat siúl ar an trá roimh dhul chuig aillte an Mhóthair. Caithfidh tú cúpla uair an chloig ag an áit cháiliúil seo sula mbuailfimid ar aghaidh go dtí an ceantar aolchloiche, An Bhoirinn. Is iontas é an ceantar seo agus ní bheidh díomá ort leis an tírdhreach, an flora agus an fána. Gach bliain, ceiliúrtar ár stair phágánach ar chnoic an cheantair do na cónochtaí, Bealtaine, Samhain, Imbolg agus Lúnasa. Stopfaimid ag Mainistir Chorca Mrua ón 12ú céad lena radharc de Cheann Cora agus Caisleán Dhún Guaire. Ar aghaidh linn go hÓrán Mór don oíche. Tá gach rud in Órán Mór, idir shean agus nua, thuath agus bhaile! Tá sé 10 nóiméad sa charr ó chathair na Gaillimhe agus ag an gcrosbhóthar do na bóithre tiomána is mó; Gaillimh, Sligeach, Baile Átha Cliath, An tSionainn, Luimneach agus Cill Áirne. Le daonra de 7,000, is áit iontach í le cónaí nó le dul ar cuairt!

Lá 8: Tá Conamara ag glaoch orainn inniu! Fágfaimid Órán Mór chun lá a chaitheamh san áit álainn seo. Tosóimid i gCathair na Mart agus ag bun Chruach Phádraig. Má tá tú ag mothú aclaí, tá fáilte romhat dul suas an cnoc seo linn. Nó is féidir leat siúl timpeall an bhaile go dtí am lóin. Raghaimid tríd an tírdhreach fhiáin go dtí cosán an ghorta mhóir agus foghlaimeoidh tú faoin ár stair bhrónach ón 19ú céad le linn an Ghorta Mhóir. Mar gheall air seo, d’fhág níos mó ná milliún duine Éire chun saol níos fearr a bhaint amach i dtíortha eile, agus is cinnte go bhfuil rian de sin fós le feiceáil timpeall an domhain. Tabharfaimid cuairt ar Mhainistir na Coille Móire ar an tslí go dtí an Clochán, an áit ónar sheol Marconi a chéad theachtaireacht trasna an Atlantaigh go dtí Ceanada agus an áit ar shroich Alcock agus Brown tar éis an chéad eitilte riamh trasna an Atlantaigh. Chuir siad an t-eitleán síos ar thalamh phortaigh agus sa deireadh sloigeadh síos an t-eitleán! Buailfimid leis an mBaitín arís an oíche sin sa tsráidbhaile Ghaeltachta, Carna. Tógfaimid bóthar an chósta chuig an mbaile seo agus beidh radharcanna aoibhne le fáil de na hoileáin Atlantacha. Bain taitneamh as an tsiamsaíocht le damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós, agus a lán lán eile!

Lá 9: Inniu tá an chuid dheireanach den rith leis an mBaitín agus muid ag bualadh bóthair i dtreo chathair na Gaillimhe. Cuimhnigí gurb é Lá Fhéile Phádraig agus níl aon áit níos fearr le dul chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár lá náisiúnta ná an chathair bheomhar seo. Tá aithne ar an áit mar chathair na dtreabh, an áit dheireanach go raibh Columbas ar cuairt uirthi roimh dhul ar a eachtra mór trasna go Meiriceá, an áit as a dtáinig an fáinne cáiliúil Claddagh agus muintir Sheoighe. Is cathair bheomhar í atá ag fás ag an ráta is tapúla in iarthar na hEorpa. Lán le ceoltóirí agus ealaíontóirí sráide, tá an cuma ar an scéal go mbeidh an cóisir anseo mar cheann de na cóisirí is mó sa chéad seo! Beimid ag dul cois cósta tríd an gCeathrú Rua, an Spidéal agus Bóthar na Trá sula sroichimid an chathair chun críoch a chur ar sheachtain iontach!

Lá 10: Mo léan, seo an lá deireanach den turas agus beimid ag taisteal ar ais go Baile Átha Cliath, áit ar thosaigh d’eachtra. Tá cúpla rud fós le déanamh agus le feiceáil againn, áfach, mar beimid ag stopadh ag an suíomh mainistreach, Cluain Mhic Nóis, agus Béal Átha na Slua sula sroichimid Baile Átha Cliath. Beimid ag insint scéalta ar an tslí ar ais faoin 10 lá deireanach a chaitheamar le chéile agus na cairde gur dheineamar. Agus beimid ar fad ag súil le bualadh le chéile arís don chéad Rith eile i 2012!



 

book now
Gifts  |  Links  |  Interactive Guide  |  Sitemap  |  Disclaimer  |  Terms & Conditions  |  Privacy Policy
mountain rescue