banner slide
Extreme Ireland tours of Ireland about Extreme Ireland Walking Holidays in Ireland Adventure activities in Ireland hiking tours of Ireland Corporate Educational Testimonials FAQs about Irish Holidays Gallery of Irish walking holiday ../images contact Extreme Ireland holidays in Ireland
gap
swirls
gap

tours titlerith2010 title english gaeilge

rith

Rith - As Gaeilge

rith 10 La walking tours of Ireland 7 La adventure holidays in Ireland 5 La adventure holidays in Ireland 3 La adventure holidays in Ireland Léim Síos, Léim Aníos

10 lá - 7 lá - 5 á - Hop off Hop On

Nuair a thagann daoine go hÉirinn tagann siad ar fáthanna éagsúla – cultúr, cairdiúlacht, ár gcuid traidisiúin, ceoil agus staire mar chuid de na fáthanna sin. Déanann Extreme Ireland gach dícheall na gnéithe seo a nascadh le chéile le pacáiste saoire den scoth a ofráil do chách. I mbliana táimid ag cur saoire nua ar fáil a gheallann na gnéithe seo agus níos mó duit. Táimid ag obair i gcomhar le féile nua Rith 2010 a thosóidh i 2010 agus a bheidh ar siúl ansin gach dara bliain. Tá an fhéile á heagrú leis an nGaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn.

Tabharfaidh saoirí eagraithe na féile seo timpeall na tíre ar fad thú. Beidh tú ag taisteal ar bhusanna compordacha le grúpa de 16 duine uasta.

Eolas ar Rith 2010: Mairt 10-17

Gach lá beidh an deis agat an bata agus an rith a leanúint agus a bheith páirteach sa rith tú fhéin. Nuair nach mbeidh tú ag rith beidh muid ag tabhairt cuairt ar shuíomhanna stairiúla, feicfidh muid an tírdhreach iontach agus foghlaimeoidh tú faoin mbéaloideas agus gach ní a bhaineann le cultúr na hÉireann.

Beidh 10% de phraghas an turais tugtha mar dheontas don fhéile agus dul chun cinn na Gaeilge agus an chultúir le gach saoire a chuirtear in áireamh linn.

Tá an fhéile seo ar siúl i dtír na mBascach agus sa Bhriotáin le 20 bliain anuas agus tá sé thar a bheith rathúil ansin ag cur a gcuid cultúr chun cinn. Tá súil againn go mbeidh an rath céanna linne.

Meallfar neart daoine éagsúla chuig an saoire seo agus táim cinnte gur tusa duine acu. Tá an saoire seo oscailte do chách, daoine atá ag lorg saoire ghníomhach, daoine a bhfuil aifinideacht acu le hÉirinn agus atá ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim fúithi agus dóibh siúd atá ag lorg saoire cultúrtha agus gur mhaith leo an tír tuaithe álainn a fheiscint.

Má tá tú ag taisteal i d’aonar nó le grúpa, beidh muid in ann freastal ar na riachtanais atá agat.

Ní bheith an saoire seo ar fáil ach gach dara bliain, mar sin tapaigh an deis seo agus bígí linn!

Beidh clár d’imeachtaí seacht lá i bhfeidhm ag teacht suas go Lá Fhéile Phádraig a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar an gcultúr agus a bheidh mar chúlra d’imeacht iontach. Cuirfir tús le Rith 2010 ar an 10ú Márta 2010 agus leanfaidh an rith gan stad ar feadh 1,600cm timpeall na hÉireann mar cheiliúradh ar an gcultúr Éireannach.

Díreoidh Rith 2010 na ceiliúrtha agus rannpháirtíocht phobail cúrsa atá leagtha amach agus a rachaidh trí 17 gcontae agus 400 baile agus sráidbhaile in Éirinn. Is rith gan stad i rith an lae agus na hoíche atá i gceist le Rith 2010 a thosóidh i mBéal Feirste ar an 10ú Márta 2010 agus a chríochnóidh i gcathair na Gaillimhe ar Lá Fhéile Phádraig. Mar phríomh imeacht de chuid na féile Seachtain na Gaeilge, beidh rogha chuimsitheach ó chlár lán d’imeachtaí, ag ceiliúradh na Gaeilge agus an chultúir i ngach sráidbhaile, baile agus cathair ar an mbealach.

Beidh muid ag rith le bata cuasach lámhdhéanta a rachaidh ó lámh go lámh gach ciliméadair.

  • Beidh an bata á iompar ag grúpaí ó scoileanna, ógchlubanna, chlubanna spóirt, lúthchleasaithe nó duine ar bith gur mhaith leo páirt a ghlacadh!
  • Beidh teachtaireacht taobh istigh den mbata cuasach nach bhfeicfir go dtí deireadh Rith 2010 ar an 17ú Márta, Lá Fhéile Phádraig, nuair a bheidh an teachtaireacht léite os comhair an phobail.
  • Glacfaidh na mílte duine páirt agus beidh scoileanna agus grúpaí pobail timpeall na hÉireann ag rith ina gceantair féin nó ag eagrú imeachtaí ceiliúrtha sna bailte éagsúla nuair a thiocfaidh Rith 2010 tríd a bpobail.

Is deis den chéad scoth é seo le blas a fháil ar an méid atá ar fáil in Éirinn.

Beidh an seans agat taisteal agus cuairt a thabhairt ar na suíomhanna is aoibhne in Éirinn.

Tá Extreme Ireland an-bhródúil as a bheith i gcomhpháirt le Rith agus saoirí a ofráil a bheith linn agus taitneamh a bhaint as Éirinn.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Rith 2010 breathnaigh ar an suíomh gréasáin www.rith.ie a thabharfaidh gach eolas atá de dhíth uait.

Beidh muid ag tabhairt an rogha do dhaoine an turas treoraithe a fháil trí Ghaeilge. Chomh maith leis sin beidh muid ag eagrú ranganna Gaeilge dóibh siúd gur mhaith leo an teanga a fhoghlaim nó feabhas a chur ar an leibhéal Gaeilge atá acu agus iad ag taisteal timpeall na tíre.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil uainn is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag info@extremeireland.ie

Táimid ag cur na roghanna seo a leanas ar fáil: 10 lá, 7 lá, 5 lá agus Léim Síos Léim Aníos

rith 10 La walking tours of Ireland 7 La adventure holidays in Ireland 5 La adventure holidays in Ireland 3 La adventure holidays in Ireland Léim Síos, Léim Aníos

book now
Gifts  |  Links  |  Interactive Guide  |  Sitemap  |  Disclaimer  |  Terms & Conditions  |  Privacy Policy
mountain rescue