banner slide
Extreme Ireland tours of Ireland about Extreme Ireland Walking Holidays in Ireland Adventure activities in Ireland hiking tours of Ireland Corporate Educational Testimonials FAQs about Irish Holidays Gallery of Irish walking holiday ../images contact Extreme Ireland holidays in Ireland
gap
swirls
gap

tours titlerith2010 title english gaeilge

rith
rith 10 La walking tours of Ireland 7 La adventure holidays in Ireland 5 La adventure holidays in Ireland 3 La adventure holidays in Ireland Léim Síos, Léim Aníos

Rogha 5 Lá: 14 - 18 Márta


 

Tosóidh an rogha 5 lá i gCorcaigh ar maidin 14 Márta agus leanfaidh sé an cúrsa céanna leis na roghanna 7 & 10 lá. Má tá lóistín ag teastáil uait i gCorcaigh an oíche roimh ré, beimid sásta seo a eagrú duit. Tosóidh an turas 5 lá i gCathair Chultúrtha na hEorpa 2005 agus raghaidh sé go dtí an chathair stairiúil, Luimneach don chéad oíche. Ag bogadh ar aghaidh, raghaidh tú go Óran Mór i nGaillimh, Carna i gConamara agus fanfaidh tú i gcathair na Gaillimhe ar Lá Fhéile Phádraig.

Nóta: Cuir scéal chugainn roimh ré cén chiliméadar gur mhaith leat rith leis an mbaitín i do láimh nuair atá tú ag cur áit in áirithe linn ionas gur féidir linn seo a eagrú duit i gcomhar le Rith. Faigh an bus ar fad ag rith le chéile trí bhaile éigin nó aon chuid den tír gur mhaith leat!

Lá 1: Ar ais ar an Extreme Bus arís le do chairde agus faoin am seo beidh ar a laghad cúpla focal Gaeilge agaibh ar fad. Beidh tú faoi scrúdú agus beidh pointí bónais le fáil. Tá súil againn nach mbeidh canúint Chorcaí faighte agat cheana féin ón oíche roimhe!

Ar an mbus, beimid ag spreagadh daoine chun cúpla focal Gaeilge a úsáid sa chomhrá ar fad agus nuair a théimid ó bhaile go baile, míneoimid daoibh brí na logainmneacha. Inseoidh ainm gach baile in Éirinn rud éigin duit faoin gceantar, bíodh sé ina shuíomh reiligiúnda, iontas tíreolaíochta nó áit thábhachtach ó thaobh staire de. Is trua nach léiríonn na leaganacha Béarla an bhrí chéanna leis na logainmneacha Gaeilge.

Tógfaimid sibh ar chuig de Chuaird Chiarraí agus tabharfaimid cuairt ar Chill Áirne. Beidh deis agat dul ar chapall agus carr timpeall na Páirce Náisiúnta agus éisteacht le scéalta na jarvies a thiománfaidh tú. Tá fianna fhiána sa Pháirc seo agus tá cáil uirthi mar cheann de na háiteanna is deise in Éirinn. I ndiaidh Chill Áirne, raghaimid ar cuairt ar an tsráidbhaile álainn, Áth Dara, roimh dhul isteach go dtí an chathair Lochlannach, Luimneach. Feicfidh tú Caisleán Luimní agus cloch an chonartha. Caith beagáinín ama timpeall na cathrach agus feicfidh tú gur cathair bheomhar í le ceol traidisiúnta agus scéalaíocht le fáil inti. Taispeánfaidh do threoraí na háiteanna is fearr le dul chucu!

Lá 2: Ná dún do shúile inniu mar caillfidh tú amach ar cheann d’iontais nua an domhain; Aillte an Mhóthair. Fágfaimid cathair Luimní agus tabharfar deis daoibh rith leis an mBaitín arís inniu. Raghaimid thar Chaisleán Bhun Raite, áit a n-eagraítear féastaí meánaoiseacha agus a ndéantar fíon as mil, darb ainm “mead”. Leanfaimid linn ag dul trí Inis agus Inis Díomáin, áit a mbíonn ceachtanna ceoil traidisiúnta le fáil ar feadh seachtaine iomláine sa samhradh. Go luath i ndiaidh sin, gheobhaimid ár gcéad radharc de chósta an Atlantaigh agus stopfaimid ag an mbaile surfála, An Leacht. Is féidir leat siúl ar an trá roimh dhul chuig aillte an Mhóthair. Caithfidh tú cúpla uair an chloig ag an áit cháiliúil seo sula mbuailfimid ar aghaidh go dtí an ceantar aolchloiche, An Bhoirinn. Is iontas é an ceantar seo agus ní bheidh díomá ort leis an tírdhreach, an flora agus an fána. Gach bliain, ceiliúrtar ár stair phágánach ar chnoic an cheantair do na cónochtaí, Bealtaine, Samhain, Imbolg agus Lúnasa. Stopfaimid ag Mainistir Chorca Mrua ón 12ú céad lena radharc de Cheann Cora agus Caisleán Dhún Guaire. Ar aghaidh linn go hÓrán Mór don oíche. Tá gach rud in Órán Mór, idir shean agus nua, thuath agus bhaile! Tá sé 10 nóiméad sa charr ó chathair na Gaillimhe agus ag an gcrosbhóthar do na bóithre tiomána is mó; Gaillimh, Sligeach, Baile Átha Cliath, An tSionainn, Luimneach agus Cill Áirne. Le daonra de 7,000, is áit iontach í le cónaí nó le dul ar cuairt!

Lá 3: Tá Conamara ag glaoch orainn inniu! Fágfaimid Órán Mór chun lá a chaitheamh san áit álainn seo. Tosóimid i gCathair na Mart agus ag bun Chruach Phádraig. Má tá tú ag mothú aclaí, tá fáilte romhat dul suas an cnoc seo linn. Nó is féidir leat siúl timpeall an bhaile go dtí am lóin. Raghaimid tríd an tírdhreach fhiáin go dtí cosán an ghorta mhóir agus foghlaimeoidh tú faoin ár stair bhrónach ón 19ú céad le linn an Ghorta Mhóir. Mar gheall air seo, d’fhág níos mó ná milliún duine Éire chun saol níos fearr a bhaint amach i dtíortha eile, agus is cinnte go bhfuil rian de sin fós le feiceáil timpeall an domhain. Tabharfaimid cuairt ar Mhainistir na Coille Móire ar an tslí go dtí an Clochán, an áit ónar sheol Marconi a chéad theachtaireacht trasna an Atlantaigh go dtí Ceanada agus an áit ar shroich Alcock agus Brown tar éis an chéad eitilte riamh trasna an Atlantaigh. Chuir siad an t-eitleán síos ar thalamh phortaigh agus sa deireadh sloigeadh síos an t-eitleán! Buailfimid leis an mBaitín arís an oíche sin sa tsráidbhaile Ghaeltachta, Carna. Tógfaimid bóthar an chósta chuig an mbaile seo agus beidh radharcanna aoibhne le fáil de na hoileáin Atlantacha. Bain taitneamh as an tsiamsaíocht le damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós, agus a lán lán eile!

Lá 4: Inniu tá an chuid dheireanach den rith leis an mBaitín agus muid ag bualadh bóthair i dtreo chathair na Gaillimhe. Cuimhnigí gurb é Lá Fhéile Phádraig agus níl aon áit níos fearr le dul chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár lá náisiúnta ná an chathair bheomhar seo. Tá aithne ar an áit mar chathair na dtreabh, an áit dheireanach go raibh Columbas ar cuairt uirthi roimh dhul ar a eachtra mór trasna go Meiriceá, an áit as a dtáinig an fáinne cáiliúil Claddagh agus muintir Sheoighe. Is cathair bheomhar í atá ag fás ag an ráta is tapúla in iarthar na hEorpa. Lán le ceoltóirí agus ealaíontóirí sráide, tá an cuma ar an scéal go mbeidh an cóisir anseo mar cheann de na cóisirí is mó sa chéad seo! Beimid ag dul cois cósta tríd an gCeathrú Rua, an Spidéal agus Bóthar na Trá sula sroichimid an chathair chun críoch a chur ar sheachtain iontach!

Lá 5: Mo léan, seo an lá deireanach den turas agus beimid ag taisteal ar ais go Baile Átha Cliath, áit ar thosaigh d’eachtra. Tá cúpla rud fós le déanamh agus le feiceáil againn, áfach, mar beimid ag stopadh ag an suíomh mainistreach, Cluain Mhic Nóis, agus Béal Átha na Slua sula sroichimid Baile Átha Cliath. Beimid ag insint scéalta ar an tslí ar ais faoin 10 lá deireanach a chaitheamar le chéile agus na cairde gur dheineamar. Agus beimid ar fad ag súil le bualadh le chéile arís don chéad Rith eile i 2012!



 

book now
Gifts  |  Links  |  Interactive Guide  |  Sitemap  |  Disclaimer  |  Terms & Conditions  |  Privacy Policy
mountain rescue