|


Rith - As Gaeilge - 3 la
Beidh móréileamh ar ár rogha 3 lá ag daoine beagáinín níos gaire don bhaile agus tabharfaidh sé píosa beag den chúrsa iomlán daoibh ar fad. Is féidir leat an turas seo a thosú i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath nó i Luimneach. Is deis iontach í seo do dhaoine chun blaiseadh a fháil ar Rith agus bualadh le daoine eile ar eachtra mór timpeall na hÉireann!
Má fhéachann tú ar an gcúrsa d’ár rogha 10 lá agus é a leanúint don chéad3 lá, ag tosú i mBéal Feirste ar an 9ú agus ag críochnú i mBaile Átha Cliath ar an 11ú; ansin ag tosú i mBaile Átha Cliath ar an 12ú agus ag críochnú i Luimneach tar éis oíche a chaitheamh i gCill Chainnigh agus i gCorcaigh. Tosaíonn an rogha dheireanach don turas 3 lá i Luimneach ar an 15ú agus críochnaíonn sé i gcathair na Gaillimhe do chóisir mhór ar an 17ú do Lá Fhéile Phádraig. Is deis iontach í seo do ghrúpaí agus pobail áitiúla bailiú le chéile agus taisteal timpeall na hÉireann ar feadh cúpla lá, ag glacadh páirte sa bhféile seo!
|